This regular update gives an overview of some of the matters and issues I've been raising and working on over the past while. Contact me to learn more! ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­    ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏  ͏ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­ ­  
View in browser
ShaneMoynihan_Footer_Sept25
culmore

YOUR NOVEMBER 2026 UPDATE 

A chara

I hope you and your family are keeping well. As we approach the end of the year, I wanted to share an update on some of the issues I've been working on throughout 2026 and the progress being made for communities across Dublin Mid-West. 

 

Below is a look at some of that work and the priorities I'll continue to focus on in the months ahead. 

 

If you’d like to get in touch or attend one of my advice clinics, please call 01 618 4128 or email shane.moynihan@oireachtas.ie. You can learn more about my work on my social media channels - Facebook, Instagram, LinkedIn and Tiktok. 

 

Shane

NUACHTLITIR - SAMHAIN 2026

A chara

Tá súil agam go bhfuil tú féin agus do mhuintir go maith. Agus deireadh na bliana ag druidim linn, ba mhaith liom an t-eolas is déanaí a roinnt leat maidir le roinnt de na ceisteanna a raibh mé ag obair orthu le linn 2026 agus an dul chun cinn atá déanta ar son phobail Bhaile Átha Cliath Thiar Meán.

 

Seo thíos achoimre ar chuid den obair sin agus ar na tosaíochtaí a mbeidh mé ag díriú orthu sna míonna amach romhainn.

 

Más mian leat dul i dteagmháil liom nó freastal ar chlinic de mo chuid, glaoigh ar 01 618 4128 nó seol ríomhphost chuig shane.moynihan@oireachtas.ie.  Cuirim an t-eolas is déanaí in airde go rialta ar mo chainéil ar na meáin shóisialta; Facebook, Instagram agus Tiktok.

 

Shane

ww-1

PROGRESSING DART+ SOUTHWEST

I was delighted to receive confirmation from Minister for Transport Darragh O’Brien, in response to my recent Priority Question in the Dáil, that he expects to bring DART+ South West and DART+ West to Cabinet together in the coming weeks, with a view to progressing both projects to tender. This is a significant step forward and will help ensure we don't lose valuable time while funding decisions are finalised.

 

I've been consistently pushing to accelerate the project, given its importance for growing communities across Clondalkin, Lucan, Adamstown and Clonburris. With the Minister having previously indicated that construction could begin as early as 2028, and the Taoiseach's strong support for the project, I'm determined to keep up the momentum and see it delivered as quickly as possible.

 

While we work towards delivering DART+ South West, it's equally important that we address the pressures commuters are facing on existing services. I recently raised this directly with Iarnród Éireann at the Oireachtas Transport Committee, making the case for new carriages arriving in 2027 to be prioritised for the Dublin-Kildare line. I've also asked that existing resources be reviewed to see whether additional carriages can be provided sooner.

DART+ THIAR THEAS A CHUR CHUN CINN

Bhí an-áthas orm dearbhú a fháil ón Aire Iompair, Darragh O’Brien, mar fhreagra ar Cheist Tosaíochta a chuir mé air sa Dáil le déanaí, go bhfuil sé ag súil le DART+ Thiar Theas agus DART+ Thiar a thabhairt os comhair na Comh-Aireachta le chéile sna seachtainí amach romhainn, d’fhonn dul ar aghaidh leis an bpróiseas tairisceana don dá thionscadal. Is céim mhór chun cinn é seo agus cuideoidh sé lena chinntiú nach gcaillfear am luachmhar agus cinntí maoinithe á dtabhairt chun críche.

 

Táim ag obair go leanúnach chun dlús a chur le DART+ Thiar Theas, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé do na pobail atá ag fás ar fud Chluain Dolcáin, Leamhcáin, Bhaile Adaim agus Chluain Buiríse. Tá sé tugtha le fios ag an Aire roimhe seo go bhféadfaí tús a chur leis an tógáil chomh luath le 2028, agus tá tacaíocht láidir an Taoisigh ag an tionscadal freisin. Táim meáite ar an dul chun cinn seo a choinneáil ar siúl agus an tionscadal a thabhairt chun críche chomh luath agus is féidir.

 

Agus muid ag obair i dtreo DART+ Thiar Theas a chur i gcrích, tá sé chomh tábhachtach céanna dul i ngleic leis an mbrú atá ar chomaitéirí ar na seirbhísí atá ann faoi láthair. D’ardaigh mé an cheist seo go díreach le hIarnród Éireann le déanaí ag Coiste Iompair an Oireachtais, agus d’éiligh mé go dtabharfaí tús áite don líne iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Cill Dara agus na carráistí nua atá le teacht in 2027 á leithdháileadh. D’iarr mé orthu freisin athbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní atá acu cheana féin féachaint an bhféadfaí carráistí breise a chur ar fáil níos luaithe.

 

aa

ADDITIONAL GARDAÍ

77 new probationer Gardaí have been assigned to Dublin Mid-West over the past year and a half. I will continue to press for adequate Garda resources and visibility across the constituency. I welcome the progress in increasing visibility. I have also been consistently raising the need for a full-time, standalone Garda station and district for Rathcoole, Newcastle, Saggart and Citywest and will continue campaigning on this.

GARDAÍ BREISE
Tá 77 Garda nua ar promhadh sannta do Bhaile Átha Cliath Thiar Meán le bliain go leith anuas. Leanfaidh mé orm ag éileamh go gcuirfear dóthain acmhainní ar fáil don Gharda Síochána agus go mbeidh Gardaí le feiceáil ar fud an toghcheantair. Táim ag tarraingt aird go seasta freisin ar an ngá atá le stáisiún Gardaí lánaimseartha, neamhspleách agus ceantar Gardaí ar leith do Ráth Cúil, an Caisleán Nua, Teach Sagard agus Citywest, agus leanfaidh mé orm ag feachtasaíocht ar son an mhéid sin.

PROGRESSING THE LUAS FOR LUCAN

The Luas for Lucan project is expected to reach an important milestone later this year, with the Emerging Preferred Route due to be published in the coming weeks for public consultation. I have been persistent in campaigning for this project and also in ensuring that the project is fully aligned with the Lucan Core Bus Corridor under BusConnects. I will be engaging closely with the proposal once it is published to ensure same is fully considered
 

AN LUAS DO LEAMHCÁN A CHUR CHUN CINN

Táthar ag súil go mbainfidh tionscadal Luas do Leamhcán cloch mhíle thábhachtach amach níos déanaí i mbliana, agus an Bealach Roghnaithe atá ag Teacht Chun Cinn le foilsiú sna  seachtainí atá amach romhainn roimh chomhairliúchán poiblí. Bhí mé i mbun feachtais don tionscadal seo lena chinntiú go bhfuil an tionscadal ag teacht go huile is go hiomlán le Croíchonair Bus Leamhcáin faoi BusConnects. Beidh mé ag plé go dlúth leis an togra nuair a fhoilseofar é chun a chinntiú go ndéanfar é sin a bhreithniú go hiomlán.
Screenshot 2026-11-11 102714

 STRENGTHENING RULES FOR E-SCOOTERS

I have been calling for stronger regulation, enforcement and education around the illegal use of e-scooters. I welcome the Government's introduction of new rules prohibiting under-18s from using e-scooters and making helmets and high-visibility clothing mandatory.
 
These are important steps towards improving safety, and I will continue pushing for stronger enforcement and further progress on e-scooter registration. I appreciate the engagement of An Taoiseach Micheál Martin, Minister for Transport Darragh O'Brien and Minister for Justice Jim O'Callaghan on this issue.
 

 SÁBHÁILTE RIALACHA NÍOS LÁIDRE DO SCÚTAIR LEICTREACHA

Le tamall anuas, táim ag éileamh rialacháin níos déine, forfheidhmiú níos fearr agus breis oideachais maidir le húsáid mhídhleathach scútar leictreach. Fáiltím roimh na rialacha nua atá tugtha isteach ag an Rialtas, lena gcuirtear cosc ar dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois scútair leictreacha a úsáid agus lena gceanglaítear ar úsáideoirí clogaid agus éadaí ard-infheictheachta a chaitheamh.
 
Is céimeanna tábhachtacha iad seo chun sábháilteacht a fheabhsú, agus leanfaidh mé orm ag éileamh forfheidhmiú níos láidre agus tuilleadh dul chun cinn maidir le clárú scútar leictreach. Táim buíoch den Taoiseach Micheál Martin, den Aire Iompair Darragh O’Brien agus den Aire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan as a rannpháirtíocht sa cheist seo.
aa

TACKLING THE GROWTH OF VAPE SHOPS

I continue to raise concerns around the growing number of vape shops opening in our communities, including outlets operating under the guise of sweet shops or mobile phone shops. I believe stronger planning and licensing controls need to be considered, similar to those applying to off-licences, to prevent multiple vape shops opening side by side. I am pressing the Minister for Health and the Minister for Housing to address this issue and ensure local communities have a greater say in where these businesses can operate.

AG DUL IN NGLEIC LE MÉADÚ LÍON NA SIOPAÍ VÁPÁLA

Táim ag leanúint orm ag tarraingt aird ar an méadú atá ag teacht ar líon na siopaí vápála inár bpobail, lena n-áirítear siopaí a fheidhmíonn faoi scáth siopaí milseán nó siopaí fón póca. Creidim gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha pleanála agus ceadúnaithe níos déine, cosúil leis na rialacha a bhaineann le siopaí eischeadúnais, chun cosc a chur ar roinnt siopaí vápála oscailt díreach in aice lena chéile. Táim ag cur brú ar an Aire Sláinte agus an Aire Thithíochta le haghaidh a thabhairt ar an gceist seo agus a chinntiú go mbeidh níos mó tionchair ag pobail áitiúla ar na háiteanna inar féidir leis na gnólachtaí seo feidhmiú.

 
minj

Pictured with Minister for Health, Jennifer Carroll MacNeill, in September for the topping out of the Citywest Primary Care Centre

CALLING FOR A DIRECT PUBLIC TRANSPORT LINK TO DUBLIN AIRPORT

I have continued to advocate for a direct public transport service between Palmerstown and Lucan and Dublin Airport, raising it in the Dáil and with the NTA, while also engaging with transport providers to explore possible options. I am encouraged by the progress being made and will continue working to secure a practical solution. 

AG IARRAIDH NASC DÍREACH IOMPAIR PHOIBLÍ CHUIG AERFORT BHAILE ÁTHA CLIATH

Lean mé ar aghaidh ag tacú le seirbhís iompair phoiblí dhíreach idir Baile Phámar, Leamhcán agus Aerfordt Bhaile Átha Cliath, d’ardaigh mé sa Dáil agus leis an tÚdarás Náisiúnta Iompair é, agus ag an am céanna chuaigh mé i dteagmháil le soláthraithe iompair chun roghanna féideartha a fhiosrú. Tá mé spreagtha ag an dul chun cinn atá á dhéanamh agus leanfaidh mé orm ag obair chun réiteach praiticiúil a bhaint amach. 

LIFFEY VALLEY TO CITY CENTRE CORE BUS CORRIDOR

Construction works on the BusConnects Liffey Valley to City Centre Core Bus Corridor have now progressed to Coldcut Road, between Neilstown Road and Cloverhill Road, including the M50 overbridge. Works are already underway at Liffey Valley, Ballyfermot and along James’s Street D8. The Coldcut Road works will be carried out in phases, with traffic management measures in place, and are expected to continue until March 2027. If anyone has queries about the works or would like further information, please don't hesitate to get in touch.

CONAIR BUS CHLEANN NA LIFE GO LÁR NA CATHRACH

Tá na hoibreacha tógála ar Chonair BusConnects ó Chleann na Life go Lár na Cathrach tar éis dul ar aghaidh anois go Bóthar Coldcut, idir Bóthar Bhaile Uí Néill agus Bóthar Chnoc na Seamróg, lena n-áirítear an droichead thar mhótarbhealach an M50. Tá oibreacha ar siúl cheana féin i Cleann na Life, i mBaile Formaid agus feadh Shráid San Séamas, Baile Átha Cliath 8. Déanfar na hoibreacha ar Bhóthar Coldcut i gcéimeanna, agus beidh bearta bainistíochta tráchta i bhfeidhm. Táthar ag súil go leanfaidh na hoibreacha seo ar aghaidh go dtí Márta 2027. Má tá aon cheist agat faoi na hoibreacha nó má tá tuilleadh eolais uait, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh liom.

EXPANDING BUS SERVICES FOR CLONBURRIS

It was encouraging to see the NTA commence public consultation in July on three proposed new bus routes serving Clonburris and Adamstown. The need for improved public transport in these growing communities is something I have been consistently raising, and I have reached out to the NTA to discuss next steps and to ensure these are delivered as soon as possible.

CLONBURR SEIRBHÍSÍ BUS A LEATHNÚ

DO CHLUAIN BUIRÍOSA BEAG

B’údar misnigh dom gur chuir an tÚdarás Náisiúnta Iompair tús leis an gcomhairliúchán poiblí i mí Iúil ar na trí bhusbhealach atá beartaithe chun freastal ar Chluain Buiríosa Beag agus ar Bhaile Adaim. Táim ag tarraingt aird le fada ar cé chomh riachtanach agus atá sé an córas iompair sna pobail seo (atá ag dul i méid) a fheabhsú agus, chuige sin, chuaigh mé chun cainte leis an Údarás Náisiúnta Iompair chun na chéad chéimeanna eile le déanamh a phlé agus lena chinntiú go gcuirfear i gcrích iad chomh luath agus is féidir. 

BOL

STRENGTHENING MENTAL HEALTH SERVICES IN DUBLIN MID-WEST

I was delighted to welcome Minister Mary Butler to the Beacon of Light Counselling Centre earlier this year and see first-hand the vital support they provide to our community. I warmly welcome the allocation of over €53,000 in new funding for their work, including the innovative ‘Breakthrough’ Sports Programme. I also welcome the announcement of a new Solace Café for Lucan and Dublin Mid-West under Budget 2027, providing free, out-of-hours support for adults experiencing a mental health crisis in a safe, welcoming setting. Both are important investments in local mental health services, and I want to congratulate everyone involved in making them possible.
   

AG NEARTÚ SEIRBHÍSÍ MEARBHAIRSHLÁINTE I MBAILE ÁTHA CLIATH THIAR-MEÁN

Bhí an-áthas orm fáilte a chur roimh an Aire Mary Butler chuig Ionad Comhairleoireachta Beacon of Light níos luaithe i mbliana agus an obair ríthábhachtach a dhéanann siad ar son ár bpobail a fheiceáil dom féin. Fáiltím go mór roimh an maoiniú nua de bhreis agus €53,000 atá leithdháilte ar a gcuid oibre, lena n-áirítear an clár nuálach spóirt ‘Breakthrough’. Fáiltím freisin roimh an bhfógra faoi Chaifé Solace nua do Leamhcán agus do Bhaile Átha Cliath Thiar-Meán faoi Bhuiséad 2027, a chuirfidh tacaíocht saor in aisce ar fáil lasmuigh de ghnáthuaireanta do dhaoine fásta atá ag dul trí ghéarchéim mheabhairshláinte, i dtimpeallacht shábháilte fháilteach. Is infheistíochtaí tábhachtacha iad seo i seirbhísí meabhairshláinte áitiúla, agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a chuidigh lena gcur i gcrích.

clond

TIDY TOWNS

Congratulations to all our local Tidy Towns groups on their fantastic results in the 2026 competition, particularly Lucan on winning gold and Clondalkin on securing silver. I also welcome the Tidy Towns funding recently announced by Minister Dara Calleary, with €4,000 for Clondalkin, €3,000 each for Adamstown, Lucan, Newcastle Lyons and Rathcoole, and €2,000 for Saggart. This is well-deserved recognition of the hard work and dedication of our Tidy Towns volunteers, who make such a valuable contribution to our communities.
 

BAILE SLACHTMHARA

Comhghairdeas lenár ngrúpaí áitiúla Bailte Slachtmhara ar fad as na torthaí iontacha a bhain siad amach i gcomórtas 2026, go háirithe Leamhcán as bonn óir a bhuachan agus Cluain Dolcáin as bonn airgid a bhaint amach. Fáiltím freisin roimh an maoiniú do na Bailte Slachtmhara a d’fhógair an tAire Dara Calleary le déanaí, le €4,000 do Chluain Dolcáin, €3,000 an ceann do Bhaile Adaim, Leamhcán, an Caisleán Nua-Líons agus Ráth Cúil, agus €2,000 do Theach Sagard. Is aitheantas tuillte é seo don obair chrua agus don díograis a léiríonn ár n-oibrithe deonacha sna Bailte Slachtmhara, a chuireann go mór lenár bpobail.

SUPPORTING SCHOOLS

I welcome the approval of Climate Action Summer Works applications for four schools across Dublin Mid-West: Citywest & Saggart Community National School, St. Joseph’s College, Collinstown Park Community College and St. Kevin’s Community College. It is also great to see funding awarded to Adamstown Castle ETNS and Gaelscoil Naomh Pádraig for Safe Routes to School schemes. Congratulations to all six school communities on securing this important funding!
 

AG TACÚ LE SCOILEANNA

Fáiltím roimh cheadú na n-iarratas ar Oibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide do cheithre scoil ar fud Bhaile Átha Cliath Thiar-Meán: Scoil Náisiúnta Pobail Citywest agus Theach Sagard, Coláiste Naomh Seosamh, Coláiste Pobail Pháirc Bhaile Choilín agus Coláiste Pobail Naomh Caoimhín. Is iontach an rud é freisin maoiniú a bheith bronnta ar Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim le Chéile Chaisleán Bhaile Adaim agus ar Ghaelscoil Naomh Pádraig le haghaidh scéimeanna Bealaí Sábháilte chun na Scoile a chur i bhfeidhm. Comhghairdeas le pobail na sé scoil as an maoiniú tábhachtach seo a fháil!

kishoge

It was great to have the 5th Year Politics & Society class from Kishoge Community College in Leinster House this week!

pcyc

SECURING INVESTMENT FOR OUR COMMUNITIES

Almost €350,000 has been allocated to community organisations across Dublin Mid-West under this year's Local Enhancement Programme, with a range of local groups benefiting, including Palmerstown Youth and Community Centre (pictured above at their recent AGM), Retired Active Men's Social (RAMS),  the 142nd Esker Scout Group, Lucan Bridge Club, Lucan Disability Action Group, and Clondalkin Addiction Support Programme. Congratulations and well done to all of the successful applicants!

 A MAOINIÚ 

ÓN gCLÁR FEABHSAITHE ÁITIÚIL

Tá beagnach €350,000 leithdháilte ar eagraíochtaí pobail ar fud Bhaile Átha Cliath Thiar Meán faoi Chlár Feabhsaithe Áitiúil na bliana seo, agus roinnt grúpaí as Leamhcán i measc na n-eagraíochtaí sin, lena n-áirítear Ionad Óige agus Pobail Bhaile Phámar (sa phictiúr thuas ag a gCrinniú Ginearálta Bliantúil le déanaí), Club Sóisialta na bhFear Gníomhach ar Scor (RAMS), Cumann 142ú Grúpa Gasóga na hEascrach, Club Beirste Leamhcáin, Grúpa Gníomhaíochta Míchumais Leamhcáin agus Clár Tacaíochta Andúile Chluain Dolcáin. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh agus maith thú a rá le gach iarratasóir a d’éirigh leo!
 

SUPPORTING LOCAL SPORTS CLUBS

It was great to welcome Minister of State for Sport Charlie McConalogue to Áras Chrónáin recently for a useful information session with local sports clubs on the Community Sports Facilities and Equipment Fund. As the latest round of funding has now opened, I would encourage local clubs to start preparing now. If your club needs assistance with the application process, please don't hesitate to get in touch. 

 AG TACÚ

CUMAINN SPÓIRT ÁITIÚLA

Ba mhór an rud é fáilte a chur roimh an Aire Stáit Spóirt Charlie McConalogue in Áras Chrónáin le déanaí, le haghaidh seisiún úsáideach eolais ar an gCiste Pobail Áiseanna agus Trealaimh Spóirt le cumainn spóirt áitiúla. Agus babhta eile maoinithe oscailte anois, ba mhaith liom cumainn áitiúla a spreagadh chun tús a chur leis na hullmhúcháin dó sin gan aon rómhoill. Má theastaíonn cúnamh ó do chumann leis an bpróiseas iarratais, ná bíodh drogall ar bith ort dul i dteagmháil liom.
sports2
sports
community sport facilities fund

PROMOTING THE IRISH LANGUAGE

I’ve been really enjoying settling into my new role as Chairperson of the Oireachtas Committee on the Irish Language, Gaeltacht and the Irish-Speaking Community. It was a pleasure to open a special awards ceremony recently, celebrating public sector workers who have returned to learning Irish and achieved qualifications through the Institute of Public Administration and Gaelchultúr. Congratulations to everyone involved!

AN GHAEILGE A CHUR CHUN CINN

Táim ag baint an-taitnimh as dul i dtaithí ar mo ról nua mar Chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Ba mhór an pléisiúr dom ócáid speisialta bronnta teastas a oscailt le déanaí, ag ceiliúradh oibrithe san earnáil phoiblí a d’fhill ar fhoghlaim na Gaeilge agus a bhain cáilíochtaí amach trí chúrsaí a chuir an Foras Riaracháin agus Gaelchultúr ar fáil. Comhghairdeas le gach duine a bhí páirteach!

speaking

LOCAL ADVICE

CLINICS 

My team continue to assist with a wide range of local queries. If there’s any issue you’d like to discuss, my weekly clinics are listed below. Please call 01 618 4128 or email shane.moynihan@oireachtas.ie to arrange an appointment.

 
CLINICÍ COMHAIRLE ÁITIÚLA
Tá mo fhoireann ag cabhrú le réimse leathan ceisteanna áitiúla. Má tá aon cheist nó fadhb ar mhaith leat a phlé, tá mo chlinicí seachtainiúla luaite thíos. Glaoigh ar 01 618 4128 nó seol ríomhphost chuig shane.moynihan@oireachtas.ie chun coinne a shocrú.
ClinicTimes (2)
ShaneMoynihan_Footer_Sept252

Shane Moynihan TD, Dáil Éireann, Leinster House, Kildare Street, Dublin 2, Ireland

Unsubscribe Manage preferences